Push for PORTER

izquierdaTiocfaidh An Samhradhderecha
You Tube

Tiocfaidh an samhradh
Agus fásfaidh féar
Tiocfaidh an duilliúr glas
Ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rúinsearc
Le bánú an lae
Agus buailfidh sí tiún suas
Le cumha 'mo dhiaidh


Scairt mé aréir
Ag an doras thall
Scairt mé aríst
An raibh mo rún le fáil
Dúirt a daidí liom
Nach raibh sí ann
Nó gur éalaigh sí aréir
Leis an mbuachaill donn


Brón ar an fharraige
Mar is sí atá mór
'Sí atá ag dul idir mé
Is mo mhíle stór
Siúlfaidh mé na bailte seo
Agus siúlfaidh mé na róid
Agus dheamhan bean a phósfas mé
No go dtéim faoi fhód


Tiocfaidh an samhradh
Agus fásfaidh féar
Tiocfaidh an duilliúr glas
Ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rúinsearc
Le bánú an lae
Agus buailfidh sí tiún suas
Le cumha 'mo dhiaidh



Song