Push for PORTER

R
izquierdaSiún Ní Dhuibhirderecha
You Tube

D'éirigh mé ar maidin ag tarraingt
Chun aonaigh mhóir
Ag díol 's ag ceannach
Mar dhéanfadh mo dhaoine romham
Bhuail tart ar a' bhealach mé
'S shuí mise síos a dh'ól
'S le Siún Ní Dhuibhir
Gur ól mise luach na mbróg

A Shiún Ní Dhuibhir
An miste leat mé bheith tinn?
Mo bhrón 's mo mhilleadh
Má's miste liom tú 'bheith i gcill
Bróinte 's muilte bheith
Scileadh ar chúl do chinn
Ach cead a bheith in Iorras
Go dtara síol Éabha 'un cinn

A Shiún Ní Dhuibhir
'S tú bun agus barr mo scéil
Ar mhná na cruinne
Go dtug sise 'n báire léi
Le gile le finne le mais'
Is le dhá dtrian scéimh
'S nach mise 'n trua Mhuire
Bheith scaradh amárach léi

Thiar in Iorras tá searc
Agus grá mo chléibh
Planda 'n linbh a d'eitigh
Mo phósadh inné
Beir scéala uaim chuicí
Má thug mise póg dá béal
Go dtabharfainn dí tuilleadh
Dá gcuirfeadh siad bólacht léi

"Beir scéala uaim chuige
Go dearfa nach bpósaim é
Ó chuala mise gur chuir sé
Le bólacht mé
Nuair nach bhfuil agamsa
Maoin nó mórán spré
Bíodh a rogha aige
'S beith mise 'r mo chomhairle féin"



Song