Push for PORTER

R
izquierdaSíos an Sliabhderecha
YouTube

Gabháil síos an gleann dom maidin bhreá
Bhí an spéir gan ghruaim is an ghrian ag taitneamh.
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa

Síos an sliabh is fríd an raithneach,
Síos an sliabh fá bhruach an easa
In uaigneas sléibhe is mé liom féin
Gur éalaigh mé síos fá bhruach an easa. Síos an sliabh.

Gabháil fríd an mhóin is mé 'drandán ceoil
Is mé chomh meidhreach leis na meannáin,
Is ea chonaic mé uaim an spéirbhean chiúin
Is í ag scuabadh an drúcht de fhraoch an easa

Ba mhór ár ngrá's ba dheas an lá
Agus sinn linn féin i lár an fheannáin,
Gur luigh na néalta donna anuas
Ar bhlátha an fhraoich 's ar thaobh an ghleanna.

D'éirigh sí agus shiúil sí léi
'S níor inis sí domhsa a háit ná a hainm.
Ach dá mbínn i mo rí, dhéanfainn banríon di
Agus bhainfimis fúinn ar thaobh an ghleanna.


Leid: Féach anseo freisin: Down The Moor


Song