Push for PORTER

R
izquierdaSí Bheag, Sí Mhórderecha

Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin

You Tube

Imreas mór tháinig idir na ríona,
Mar fhíoch a d'fhás ón dá chnoc sídhe;
Mar a dúirt an tsídh mhór go mb'fhearr í féin
Faoi dhó, faoi dhó ná an tSídh Bheag.
"Ní raibh tú ariamh chomh huasal linn,
I gcéim dár ordaíodh i dtuaith ná i gcill.
Beir uainn do chaint, níl suairceas ann,
Is coinnigh do chos is do lámh uainn!"

"Choíche ní bhfaighfidh sibh bua ar chách,
Ar muir, ar tír ná 'n iomarbhá,
B'fhearr an chídh 'bheith 'déanamh síth
Ná fógairt cogaidh i láthair."
An tráth chruinnigh na sluaite bhí an bualadh teann
Ar feadh na machaireacha anonn 's anall;
's níl aoinne ariamh dár ghluais ón mbinn
Nár chaill a cheann san ár sin.

Is é sin an cath do chráigh ár gcroí,
Na prionsaí sí ar gach taobh
Tuatha Dé Danann ag teacht 'na scaoth'
's nach iontach saolta an t-ár sin.
Is ansin do cailleadh na ríthe sí,
Na mílte díobh ar gach taobh
Ní raibh ach bruíon do scrios an Traoi,
Le méid an áir an lá sin.

"Pairlí! pairlí! a chairde gaoil!
Sin chugaibh ár námhaid ó Charn Chlann Aoidh,
Ó Bhinn Eachluinn aníos na sluaite díobh,
Is bímís uile uile páirteach!"

Atá siad anois is ariamh dhá rá,
An cogadh is lú go milleann a lán,
Gur fearr an tsíth is measa dlí
Ná bailte is tíortha a bhánú.
Is é an t-éad ar dtús do dhíbir slua,
's chuir na mílte i gcarcair chrua,
Is fearr an chóir bheith buan go deo,
Ná bráithre a ghríosú in árach.



Song