Push for PORTER

R
izquierdaNíl Sé Ina Láderecha
YouTube

Chuaigh mé isteach I dteach aréir
Is d'iarr mé cairde are mhnaoi an leanna.
Is é dúirt sí liom "ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar is gabh abhaile."

Níl sé ina lá, níl a ghrá,
Níl sé ina lá ná baol ar maidin,
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh.

Chuir mé féin mo lámh I mo phóca
Is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi.
Is é dúirt sí liom "suigh síos ag bord
Is bí ag ól anseo go maidin."

"Éirigh I do shuí, a fhear an tí,
Cuir ort do bhrístí is do hata
Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
A bheas ag ól anseo go maidin."

Nach mise féin an fear gan chéill
A d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin
Is d'fhág mé séan are dhaoine eile.




Song