Push for PORTER

R
izquierdaDá bhfaighinn mo Rogha de Thriúr Acuderecha
YouTube

Dá bhfaighinn mo rogha de thriúr acu,
De thriúr acu, de thriúr acu,
Dá bhfaighinn mo rogha de thriúr acu,
Cé acu siúd ab fhearr liom.

Is ó mo mhíle gile thú,
Grá mo chroí 'gus fiche thú,
Ó mo mhíle gile thú
'S ní ag magadh leat atáimse.

Ní phósfainn féin an gabha dubh,
An gabha dubh an gabha dubh
Ní phósfainn féin an gabha dubh
Mar bíonn sé dubh sa cheártain,

Ní phósfainn féin an t-iascaire,
an t-iascaire, an t-iascaire,
Ní phósfainn féin an t-iascaire
Mar bíonn sé fliuch go bhásta.

Ní phósfainn féin an táilliúirín,
an táilliúirín, an táilliúirín,
Ní phósfainn féin an táilliúirín
Bíonn codladh grifín ón gclár ann.

'Sé mo ghrá an veidhleadóir,
An veidhleadóir, an veidhleadóir,
'Sé mo ghrá an veidhleadóir,
'Sé an veidhleadóir is fearr liom.



Song