uparrowTáimse im' Chodladhuparrow

Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom.
Táimse i m’ chodladh is ná dúisigh mé.
Sea dhearcas lem’ thaobh an spéirbhean mhaisiúil.
Táimse i m’ chodladh is ná dúisigh mé.
Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas
A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith
‘S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé.
Táimse i m’ chodladh is ná dúisigh mé.

Is mó buachaillín óg a tógadh go ceannasach,
Táimse i m’ chodladh is ná dúisigh mé.
Do cuireadh le fóirneart anonn thar farraige.
Táimse i m’ chodladh is ná dúisigh mé.
Go bhfeicfead an lá a mbeidh ár ar Shasanaigh
Ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar dúinn,
Gan mise a bheith ann mura dteannaim an maide leo.
Táimse i m’ chodladh is ná dúisigh mé.

Is éirigí, a chlann, agus gabhaigí bhur n-airm chugaibh,
Táimse im’ chodladh is ná dúistear mé.
Is leagaigí sa tsrúil gach scrúille Sasanaigh,
Táimse im’ chodladh is ná dúistear mé.
Mura mairfeadh ach triúr bíodh clú ins gach baile agaibh
ó Charraig na Siúire go ciumhais an Daingin thiar
Ardaigí bhur lann, tugaigí fogha faoi na Sasanaigh,
Táimse im’ chodladh is ná dúistear mé.



Some descriptive text