Is buachaillín mise do shiúlaigh a lán
    Ag cur tuairisc na háite is fearr ionad
    I múineadh in iompar i gclú cheart 's i gcáil
    I mbéasa i dtréithe is i dtuiscint
    Ní heol dom aon chúige nó dúnbhaile breá
    Dá bhfacas im' shiúlta ba shúgaí le rá
    Níor luigh ariamh mo shúil ar aon dúichín chomh breá
    Leis an áit úd a nglaotar Cill Mhuire air
Is Hóró é, Hóró é a bhuachaillín breá
Hóró é, Hóró é, sín chugam do láimh.
Tá an jug ar an mbord is ba chóir é bheith lán
Chun go n-ólfaimis sláinte Chill Mhuire.
Ansiúd a bhíonn tionnlac mion-cholúr is faoileán
    An chéirseach cearc fraoigh agus druide
    Ar ghéagaibh ina slaodaibh ag géilleadh faoi bhláth
    Is gur mhéin liom le háireamh a bhfoireann
    Bíonn fuaim ag an gconairt á leagaint chun fiaigh
    Ag traochadh an tsionnaigh is marcaigh ina dhiaidh
    Bíonn adharca a séideadh is na céadta 'Huzzá!'
    Ar chnocáinín aerach Cill Mhuire
Ansiúd a bhíonn cúinse go súgach ag dáimh
    Mar a léitear na húdair is cliste
    Bíonn ól agus aoibhneas rince agus rás
    Agus ceolta go binn ann dá sheinm
   Bíonn gasra groífhear gur gníomh iad le rá
    Ar mhachaire an choimheascair nár stríoc riamh dá namhaid
    Sin deireadh lem' ghníomhartha ach líontar dúinn cárt
    Chun go n-ólfaimid sláinte Cill Mhuire 
 
