Push for PORTER

izquierdaCasadh an tSúgáinderecha
YouTube

Agus rinne mise cleas
Ag Tigh Mhic Uí Dhomhnaill aréir
Is an tarna cleas ag teach
An Ósta lena thaobh
An triú cleas níorbh fhearr domh
A chur le mo scéal
Is a mhinicí bean bheith ag caitheamh
A dúthracht mhaith uaithi féin

A Rí na bhfeart cad do chas
Ins a' dúiche seo mé?
'S gur mó cailín deas a gheobhainn
Im' dhúthaigín beag féin
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc
Agus rún geal mo chléibh
Is chuir an tseanbhean amach mé
Ag casadh an tsúgáinín féir

Curfá:

Má bhíonn tú liom, bí liom
A stóirín mo chroí
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Os comhair an tsaoil
Ma bhíonn tú liom, bí liom
Gach orlach de do chroí
Is é mo lionn go fann nach liom
Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi

Tá mo cheannsa liath le bliain
Is ní le críonnacht é
Ní bheathaíonn na briathra
Na bráithre pé sa domhan scéal é
Is táim i do dhiaidh le bliain
Is gan fáil agam ort féin
Is gur geall le fia mé ar sliabh
Go mbeadh gáir chon ina dhéidh

(Curfá)

Agus rámhfainn, d'fhuirsfinn,
dháilfinn síol insa chré
Is sheolfainn na gamhna ar an tamhnach
is fearr a bhfaighdís féar
Ó chuirfinn crú faoin each
Is mire shiúil riamh ar féar
Is ná héalódh bean le fear
Ná déanfadh san féin



Song