Push for PORTER

R
izquierdaAn Cailín Álainnderecha

Tomás Mac Eoin

YouTube

Tá cailín álainn
A dtug mé grá di
's í is deise is áille
Ná bláth is ná rós
Gan í ar láimh liom
Is cloíte 'tá mé
A chailín álainn
's tú fáth mo bhróin

A chailín álainn
a dtug mé grá duit
Bí ar láimh liom
A mhíle stór
Is abair liomsa
Gur tú mo ghrá geal
Beidh orm áthas
In áit an bhróin

Nuair a éirím
Amach go huaigneach
Siúd é an uair
Is mó mo bhrón
Bím ag smaoineamh
Ar an gcailín uasal
Atá i bhfad uaimse
Mo chreach is mo bhrón!

Dá dtiocfá liomsa
A chailín álainn
Arís go brách
Ní bheadh orm brón
Sheinnfinn ceol duit
Mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn an smóilín
Sa drúcht gheal cheo



Song