Is thiar cois abhann gan bhréag gan dabht,	
Tá an ainnir chiúin tais mhánla,	
Is gur gile ar a com í ná an eala ar an dtonn,	
Ó bhaitheas go bonn a bróige.	
Is í an stáidbhean í a chráigh mo chroí,	
Is d'fhág sí i m'intinn brónach,	
Is leigheas le fáil níl agam go brách,	
Ó dhiúltaigh mo ghrá geal domsa.	
Ó b'fhearr liom féin ná Éire mhór,	
Ná saibhreas Rí na Spáinne,	
Go mbeinnse 'gus tusa i lúb na finne,	
I gcoillte i bhfad ónár gcairde.	
Ó mise 'gus tusa bheith pósta, a ghrá,	
Le haontoil athar is máthar,	
A mhaighdean óig is milse póg,	
Is tú grian na Carraige Báine.	
Is a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam,	
Beidh cóir ort a thaitneodh led' chairde,	
Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go baitheas,	
Is gach ní insa chathair dá áilleacht.	
Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile,	
Is ceol binn ag beacha ar do bhánta,	
Beidh ór ar do ghlacaibh is cóiste id' tharraingt,	
Go bruach na Carraige Báine.
 
