Push for PORTER

izquierdaBean a' Leannaderecha
YouTube

Is éirigh i do shuí, a bhean a' leanna, ná fan le do chaipín a ghléas,
Go bhfágha tú dhom braon uisce beatha nó cárt de do chuid leanna féin!
Ó beidh muid ag ól go dtí maidin, seo sláinte na bhfear uilig go léir.
Ach nuair a fhágfas an mháistreás an baile beidh na cailíní is deise agam féin.

Is a Dhia céard a dhéanfas mé amárach, nuair a fheicfeas mé mo ghrá ag dul aniar?
Ní fhéadfaidh mé a dhul ina láthair le méid a's a bhí eadrainn ariamh.
Nuair a smaoiním ar a súgradh a's ar a gáire, ar inneach a láimhín a bhí fial
Ó: titim i lionn dubh le dólás agus goilim féin mórán ina diaidh

'Gus shiúil mise bogaigh agus sléibhte, is cnoic a bhí géar as a mbarr
'S a lán bealaí eile nach ndéarfad - ní raibh únsa ar bith céille i mo cheann.
Ag cuartú mo chailín deas aerach nach sínfead mo thaobh léi go brách
Gur chóra dhi codladh taobh thuas díom ná bheith i gConga dhá uairín roimh lá.

Is fada mo chosa gan bróga, ach is fuide mo phócaí gan pingin,
Is fada mé ag siúl le mná óga ach níor shiúil mise riamh le mo mhian.
Is fada mo chónra dhá déanamh, mo thuama dhá bhreacadh ag saoir
Mo chróchar dhá tógáil lá an earraigh, is na buachaillí óga ag dul faoi.

Is bhí mé oíche a's mé súgach, bhí mé ag triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí an strioncán de phíobaire sínte ann agus jug fuisce líonta aige ar clár.
Ó thit muid lag marbh síos ann, ní raibh preab inár gcois ná inár láimh
Ach seo beannacht shíol Éabha agus Ádhaimh daoibh - agus íocfaidh mé féin an reicneáil.



Song