An raibh tú i gCill Alla nó Caisleán a' Bharraigh
Bhfaca tú campaí a bhí ag na Francaigh?
Mise 'gus tusa 'gus ruball na muice
'Gus bacach Shíl Aindí, bacach Shíl Aindí
Bhí mí i gCill Alla is Caisleán a' Bharraigh
Chonaic mé campaí bhí ag na Francaigh
Mise 'gus tusa 'gus ruball na muice
'Gus bacach Shíl Aindí, bacach Shíl Aindí
An raibh tú ar an gcruach nó an bhfaca tú slua
a bhí ar Chnoc Phádraig, bhí ar Chnoc Phádraig?
Mise 'gus tusa 'gus ruball na muice
'Gus bacach Shíl Aindí, bacach Shíl Aindí
Ó bhí mé ar an gcruach is chonaic mé slua
A bhí ar Chnoc Phádraig, bhí ar Chnoc Phádraig
Mise 'gus tusa 'gus ruball na muice
'Gus bacach Shíl Aindí
