Push for PORTER

R
izquierdaAn Cailín Ruaderecha
YouTube

Nach doiligh domhsa mo chailín a mholadh,
Ní hé amháin mar bhí sí rua,
Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní,
Is bhí scéimh mhná na Finne le mo chailín rua.

Thug mé liom í ó bhaile go baile,
Ó Gheaftaí Dhoire go Baile Átha Luain,
Chun fhuil aon mhíle dár shiúil mé ar an fad sin,
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua.

B'fhearr liom í ná bó is ná bearrach,
Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain,
B'fhearr liom arís na cíos Chluain Meala,
Go mbeinn is mo chailín i mBaile Átha Luain.

Chuir mé mo chailín go margadh Shligigh,
Ba é sin féin an margadh bhí daor,
Bhí scilling agus punt ar an mheánpheicín ime,
Is go dtug mé sin le fuinneamh do mo chailín rua.

Chuaigh sí siar agus bróga breac' uirthi,
Ribíní glasuaithne teannta ar a gruaig,
D'éalaigh sí uaimse le buachaill an tsiopa,
Is a Rí nár dheas í, mo chailín rua.



Song