Push for PORTER

R
izquierdaAmhrán Mhuínsederecha

Máire Ní Chlochartaigh

YouTube

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó i sléibhtibh i bhfad ó thír
Gan aon neach beo im ghaobhar ann ach raithneach ghlas is fraoch
An sneachta bheith ag titim anuas orm 's an ghaoth dá fhuadach dhíom
Mé bheith ag comhrá le mo Teaimín Bán níorbh fhada liom an oíche.

A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé - tá an geimhreadh seo 'tíocht fuar
A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé leis an teach seo 's a bhfuil ann
Nach óg a stór is mé ag imeacht uait le linn na huaire breá
Nuair a thosaíonn an chuach ag seinm ceoil is gach duilliúr glas ag fás.

Dá mba tusa féin a d'imeodh as is mise fanacht ann
Bheinn ag cóiriú do chuid clainne duit gach oíche is gach lá
Shiúlfainn thart na Liberties is anonn faoi Chontae an Chláir
Is ní chuimhneoinn an fhaid is a mhairfinn beo fear eile a chur i d'áit.

Agus gearraigí amach mo chónra dom ó thogha na péine is fearr
Má tá Seán Ó hEidhin i Maoinis bíodh sí déanta óna dhá láimh
Bíodh mo chaipín 's mo ribíní geala inti is iad go ró-dheas ar mo cheann
's tá triúr ban óg ó shléibhte agam le mé chaoineadh os cionn cláir.

Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighinnse bás
Nach dtorróidís go fiúntach mé trí oíche 'gus trí lá
Bheadh píopaí fada cailce orm, na ceaigeanna is iad lán
's thabharfadh Micil is a chlann go Maoinis mé nó ba gharbh a bheadh an lá.

'S ag gabháil siar le hInse Gainimh dom bíodh an bratach i lár an chrainn
Ná cuirigí i Leitir Calaidh mé mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaigí siar go Maoinis mé san áit a gcaoinfear mé os ard
Beidh soilse ar na duimhcheanna is ní bheidh uaigneas orm ann.



Song