Push for PORTER

R
izquierdaAn Ciarraíoch Mallaithederecha
You Tube
1.

Má leanaim go dian thú siar chun Cairibreach
Caillfead mo chiall mura dtriallfair abhaile liom,
Óró, bead ag sileadh na ndeor.
Ach ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid,
stampaí Rí Shacsain go cruinn i dtaisce agat,
Óró,i gcomhair costais an róid.
Ní bheidh cloig ar ár ndornaibh ó rómhar na ngarraithe
ná ó chruachadh na móna ná an fómhar á leathadh 'rainn,
beidh rince fada againn más é is fearra leat,
ór agus airgead, ól agus beathuisce,
Óró, fad a mhairfimid beo.

2

Do shiúlóinn an saol go léir is an Bhreathnaisc leat
is níorbh fhearr liom bheith in Éirinn ag éisteacht Aifrinn,
Óró, ná i Sasana Nua
Ach ná creidim ód' bhéal dhá dtrian dá n-abrann
mar is fear magaidh thú 'bhíos ag mealladh ban
Óró, le do reacaireacht spóirt.
A chumann mo chléibhe is a réalthan mhascalach,
ní neosfainn bréag ó m' bhéal ar chapall duit
ar eagla an pheaca is go mbeimis damanta.
Grá atá ceangailte im' lár ná scarfainn leat
Óró, go dtéad síos faoin bhfód.

3.

Ní leogfad faoin bhfód go deo mo scafaire
ó fuaireas fios aigne mar is tú do b'fhearra liom
óró, líon cupán den bheoir.
Glaoigh ar na cairdibh go dtrám an bairille
'S déanfam rí-rá a mbeidh trácht sa chathair air
Óró,fad a mhairfidh a bhfuil beo
Seo mo dhá láimh duit go bás ná scarfad leat
Ach ceangailt go brách leat gan spás fad mhairfimid
Sin suite ár margadh 's ni dhéanfaidh do mhalairtse
Suí ná seasamh liom ná luí i bhfarradh dhom
Óró,is a bhfuil agam do gheobhair.

4.

Do shiúlaíos trí shléibhte Callainne
Ag déanamh ranna dhí 'gus bréaga dá gceapadh dhi
Óró sara dtitfeadh sí i mbrón.
Chun gur bhailíos go géar gach réal bhí i dtaisce aici
Gan phlé gan achrann síos i m' phaba chugham
Óró, is do bhogas chun róid
Do shocraíos féin mo bhéabhar hata orm
Mo mhaide draighin éile is faobhar ina bharr amuigh
Is is tréan is is calma do léimfinn clathacha
Siar chun Ceann Toirc d'fhonn bheith scartha léi
Óró, a's í ag sodar im' dheoidh.

5.

Nuair a bhraith an fhaoileann an oíche tagaithe
'S ná fuair sí istigh ná amuigh sa gharraí mé
Óró do chas olagón.
Do phreab sí ina suí ag caoineadh a cuid airgid
Dá rá gur mheallas-sa a croí le m' chleasannaibh
Óró, is do shlad a cuid óir.
Éirígí, a chairde, ní foláir nó go leanfam é
Cuardóm na bánta is ard na ngarraithe
Don Chiarraíoch Mhallaithe do mheall mo chuid airgid
Lena bhréithre bladair uaidh ag diúgadh an chnagaire
Óró, is ní fheadar cá ngeobhad.

Song